Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASEISIÚINT

Cinntí beartais airgeadaíochta

11 Aibreán 2024

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Dheimhnigh an t-eolas atá ag teacht isteach, tríd is tríd, an measúnú a rinne an Chomhairle Rialaithe roimhe seo ar an ionchas meántéarmach boilscithe. Tá laghdú leanúnach tagtha ar an mboilsciú, agus boilsciú praghsanna bia agus praghsanna earraí níos ísle mar thoradh air. Tá an chuid is mó de na bearta boilscithe foluitigh ag laghdú, tá fás pá ag maolú de réir a chéile, agus tá gnólachtaí ag ionsú cuid den ardú ar chostais saothair ina mbrabúis. Tá coinníollacha maoiniúcháin fós sriantach agus tá na harduithe a cuireadh ar rátaí úis san am atá caite fós ag cur isteach ar éileamh, rud atá ag cuidiú le boilsciú a ísliú. Ach tá an brú ar phraghsanna intíre fós láidir, rud a fhágann go bhfuil an boilsciú ar phraghsanna seirbhísí coinnithe ard.

Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach, in am trátha. Measann sí go bhfuil eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar leibhéil atá ag cur go mór leis an bpróiseas díbhoilscithe leanúnach. Áiritheoidh cinntí na Comhairle Rialaithe amach anseo go bhfanfaidh a rátaí beartais sriantach go leor chomh fada agus is gá. Dá ndéanfadh measúnú nuashonraithe na Comhairle Rialaithe ar an ionchas boilscithe, dinimic an bhoilscithe fholuitigh agus neart tharchur an bheartais airgeadaíochta a muinín a mhéadú tuilleadh go bhfuil an boilsciú ag teacht leis an sprioc ar bhealach marthanach, bheadh sé iomchuí leibhéal reatha an tsriain ar bheartas airgeadaíochta a laghdú. I gcás ar bith, leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de chur chuige a bhraitheann ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú a leanúint chun leibhéal agus fad cuí an tsriain a chinneadh, agus ní réamhgheallann sí do chonair ráta ar leith.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Fanfaidh an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe, an ráta úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus an ráta úis ar an tsaoráid taisce gan athrú ag 4.50%, 4.75% agus 4.00% faoi seach.

Clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

Tá punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

Tá sé de rún ag an gComhairle Rialaithe leanúint de bheith ag athinfheistiú, ina n-iomláine, na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht, arna gceannach faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime, le linn an chéad leath de 2024. Le linn an dara leath den bhliain, tá sé ar intinn aici an phunann CCÉP a laghdú €7.5 billiún in aghaidh na míosa ar an meán. Tá sé ar intinn ag an gComhairle Rialaithe deireadh a chur le hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ag deireadh 2024.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe uirthi ag cur solúbthachta i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Ós rud é go bhfuil na méideanna a tógadh ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe dírithe fadtéarmacha á n-íoc ar ais ag na bainc, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí fadtéarmacha iasachtaithe agus a n-aisíocaíocht leanúnach lena seasamh maidir le beartas airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma agus chun tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasócáid a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa