Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 11 Aibreán 2024

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Dheimhnigh an t-eolas atá ag teacht isteach, tríd is tríd, an measúnú a rinneamar roimhe seo ar an ionchas meántéarmach boilscithe. Tá laghdú leanúnach tagtha ar an mboilsciú, agus boilsciú praghsanna bia agus praghsanna earraí níos ísle mar thoradh air. Tá an chuid is mó de na bearta boilscithe foluitigh ag laghdú, tá fás pá ag maolú de réir a chéile, agus tá gnólachtaí ag ionsú cuid den ardú ar chostais saothair ina mbrabúis. Tá coinníollacha maoiniúcháin fós sriantach agus tá na harduithe a chuireamar ar rátaí úis san am atá caite fós ag cur isteach ar éileamh, rud atá ag cuidiú le boilsciú a ísliú. Ach tá an brú ar phraghsanna intíre fós láidir, rud a fhágann go bhfuil an boilsciú ar phraghsanna seirbhísí coinnithe ard.

Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Measaimid go bhfuil eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar leibhéil atá ag cur go mór leis an bpróiseas díbhoilscithe leanúnach. Cinnteoidh ár gcinntí amach anseo go bhfanfaidh ár rátaí beartais sriantach go leor chomh fada agus is gá. Dá ndéanfadh ár measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, dinimic an bhoilscithe fholuitigh agus neart tharchur an bheartais airgeadaíochta a muinín a mhéadú tuilleadh go bhfuil an boilsciú ag teacht lenár sprioc ar bhealach marthanach, bheadh sé iomchuí leibhéal reatha an tsriain ar bheartas airgeadaíochta a laghdú. In aon chás, leanfaimid de chur chuige a bheidh spleách ar shonraí agus cruinniú ar chruinniú a leanúint chun leibhéal agus fad cuí an tsriain a chinneadh, agus nílimid ag réamhghealladh do chonair ráta ar leith.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreaseisiúint atá le fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Bhí an geilleagar fós lag sa chéad ráithe. Cé go bhfuil an caiteachas ar sheirbhísí athléimneach, tá éileamh lag ar ghnólachtaí monaraíochta agus tá an táirgeadh fós lag, go háirithe in earnálacha dianfhuinnimh. Tugann suirbhéanna le fios go mbeidh téarnamh de réir a chéile ann i rith na bliana seo, i dtaobh seirbhísí ar dtús báire. Táthar ag súil go dtacófar leis an téarnamh sin le hioncam réadach atá ag dul i méid, mar thoradh ar bhoilsciú níos ísle, pá méadaithe agus téarmaí trádála feabhsaithe. Ina theannta sin, ba cheart go dtiocfadh méadú ar fhás onnmhairí an limistéir euro sna ráithí atá le teacht, de réir mar a thiocfaidh téarnamh ar an ngeilleagar domhanda agus de réir mar a athraíonn an caiteachas a thuilleadh i dtreo ábhair intrádála. Ar deireadh, níor cheart go gcuirfeadh beartas airgeadaíochta isteach ar éileamh chomh mór sin le himeacht ama.

Tá an ráta dífhostaíochta ar an leibhéal is ísle ó tugadh isteach an euro. Ag an am céanna, tá laghdú ag teacht de réir a chéile ar an déine i margadh an tsaothair, agus níos lú folúntas á bpostáil ag fostóirí.

Ba cheart do rialtais leanúint de bhearta tacaíochta a bhaineann le fuinneamh a rolladh siar ionas gur féidir le díbhoilsciú leanúint ar aghaidh ar bhealach inbhuanaithe. Trí chreat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme go hiomlán agus gan mhoill, cuideofar le rialtais easnaimh bhuiséid agus cóimheasa fiachais a laghdú ar bhonn marthanach. Ba cheart beartais náisiúnta fhioscacha agus struchtúracha a dhíriú ar an ngeilleagar a dhéanamh níos táirgiúla agus níos iomaíche, rud a chuideodh le brú ar phraghsanna a laghdú sa mheántéarma. Ar an leibhéal Eorpach, dá gcuirfí an clár Next Generation EU chun feidhme go héifeachtach agus go gasta, agus tríd an Margadh Aonair a neartú, chabhrófaí leis an nuálaíocht a chothú agus leis an infheistíocht sna haistrithe glasa agus digiteacha a mhéadú. Le hiarrachtaí níos diongbháilte agus níos nithiúla chun an t-aontas baincéireachta agus aontas na margaí caipitil a thabhairt chun críche, chuideofaí leis an infheistíocht phríobháideach ollmhór is gá a shlógadh chun é sin a bhaint amach, mar a chuir an Chomhairle Rialaithe i bhfios go láidir sa ráiteas uaithi an 7 Márta 2024.

Boilsciú

Tá laghdú fós ag teacht ar bhoilsciú, ó ráta bliantúil 2.6% i mí Feabhra go 2.4% i mí an Mhárta, de réir mheastachán sealadach Eurostat. Tháinig laghdú ar bhoilsciú praghsanna bia go 2.7% i mí an Mhárta, ó 3.9% i mí Feabhra, agus bhí boilsciú praghsanna fuinnimh ag -1.8% i mí an Mhárta, ó -3.7% sa mhí roimhe sin. Tháinig laghdú ar bhoilsciú praghsanna earraí arís i mí an Mhárta, go 1.1%, ó 1.6% i mí Feabhra. Mar sin féin, d’fhan boilsciú praghsanna seirbhísí ard i mí an Mhárta, ag 4.0%.

Tháinig laghdú breise ar an gcuid is mó de bhearta boilscithe foluitigh i mí Feabhra, rud a dheimhnigh go bhfuil laghdú ag teacht de réir a chéile ar an mbrú ar phraghsanna. Cé go bhfuil an boilsciú intíre fós ard, tháinig méadú níos lú ar phá agus ar bhrabúis aonaid ná mar a bhíothas ag súil leis sa ráithe dheireanach de 2023, ach d’fhan costais aonad saothair ard, rud a léiríonn i bpáirt fás lag táirgiúlachta. Léiríonn na táscairí is déanaí go bhfuil maolú breise tagtha ar fhás pá.

Meastar go dtiocfaidh athrú ar an mboilsciú thart ar na leibhéil reatha sna míonna amach romhainn agus go laghdóidh sé ansin ar an sprioc atá againn an bhliain seo chugainn, mar gheall ar fhás níos laige ar chostais saothair, ar éifeachtaí leanúnacha ár mbeartais shriantaigh airgeadaíochta, agus ar thionchar na géarchéime fuinnimh agus na paindéime atá ag dul i léig. Tá na tomhais ar ionchais maidir le boilsciú níos fadtéarmaí fós cobhsaí den chuid is mó, agus is thart ar 2% atá an chuid is mó díobh.

Measúnú riosca

Tá baoil don fhás eacnamaíoch fós tiontaithe i dtreo an taoibh thíos. D’fhéadfadh an fás a bheith níos ísle má bhíonn éifeachtaí an bheartais airgeadaíochta níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis. Chuirfeadh geilleagar domhanda níos laige nó moilliú breise ar thrádáil dhomhanda béim ar fhás an limistéir euro freisin. Is foinsí móra riosca geopholaitiúla iad cogadh gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an choimhlint thragóideach sa Mheánoirthear. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh gnólachtaí agus teaghlaigh chomh muiníneach céanna faoin todhchaí agus go gcuirfí isteach ar thrádáil dhomhanda. D’fhéadfadh fás a bheith níos airde má thagann laghdú níos tapa ar an mboilsciú ná mar a bhíothas ag súil leis agus ciallaíonn sé sin go dtiocfaidh méadú níos mó ar an gcaiteachas ná mar a bhíothas ag súil leis, nó má fhásann geilleagar an domhain níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis.

I measc na rioscaí ar an taobh thuas do bhoilsciú tá an teannas geopholaitíochta méadaithe, go háirithe sa Mheánoirthear, a d’fhéadfadh praghsanna fuinnimh agus costais lasta a bhrú níos airde sa ghearrthéarma agus cur isteach ar an trádáil dhomhanda. D’fhéadfadh boilsciú éirí níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis dá dtiocfadh méadú níos mó ar phá ná mar a bhíothas ag súil leis nó dá mbeadh corrlaigh bhrabúis níos athléimní. I gcodarsnacht leis sin, d’fhéadfadh boilsciú iontas a chruthú ar an taobh thíos má dhéanann beartas airgeadaíochta an t-éileamh a mhaolú níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis, nó má éiríonn an timpeallacht eacnamaíoch sa chuid eile den domhan in olcas gan choinne.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá rátaí úis an mhargaidh cobhsaí den chuid is mó ón gcruinniú a bhí againn i mí an Mhárta agus tá na dálaí maoiniúcháin níos leithne fós sriantach. Tháinig laghdú ar an meánráta úis ar iasachtaí gnó go 5.1% i mí Feabhra, ó 5.2% i mí Eanáir. B’ionann rátaí morgáiste agus 3.8% i mí Feabhra, síos ó 3.9% i mí Eanáir.

Mar gheall ar rátaí iasachta a bhí ardaithe fós agus ciorruithe gaolmhara i bpleananna infheistíochta, laghdaigh gnólachtaí a n-éileamh ar iasachtaí a thuilleadh sa chéad ráithe de 2024, mar a tuairiscíodh inár suirbhé iasachta is déanaí. D’fhan na caighdeáin chreidmheasa d’iasachtaí daingean, agus rinneadh géarú beag eile ar iasachtaí a thabhairt do ghnólachtaí agus rinneadh maolú measartha ar mhorgáistí.

I bhfianaise an mhéid sin, tá dinimic chreidmheasa fós lag. D’fhás iasachtaí bainc do ghnólachtaí beagán níos tapúla i mí Feabhra, ag ráta bliantúil 0.4%, suas ó 0.2% i mí Eanáir. Níor tháinig aon athrú ar an bhfás ar iasachtaí do theaghlaigh i mí Feabhra, ag 0.3% ar bhonn bliantúil. D’fhás an t-airgead leathan - arna thomhas ag M3 - ag ráta faoi bhun 0.4% i mí Feabhra.

Conclúid

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Measaimid go bhfuil eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar leibhéil atá ag cur go mór leis an bpróiseas díbhoilscithe leanúnach. Cinnteoidh ár gcinntí amach anseo go bhfanfaidh ár rátaí beartais sriantach go leor chomh fada agus is gá. Dá ndéanfadh ár measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, dinimic an bhoilscithe fholuitigh agus neart tharchur an bheartais airgeadaíochta a muinín a mhéadú tuilleadh go bhfuil an boilsciú ag teacht lenár sprioc ar bhealach marthanach, bheadh sé iomchuí leibhéal reatha an tsriain ar bheartas airgeadaíochta a laghdú. In aon chás, leanfaimid de chur chuige a bheidh spleách ar shonraí agus cruinniú ar chruinniú a leanúint chun leibhéal agus fad cuí an tsriain a chinneadh, agus nílimid ag réamhghealladh do chonair ráta ar leith.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár n-ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí ár sprioc mheántéarmach agus an tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa