Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Achoimre feidhmiúcháin

Is grúpa neamhspleách agus ildisciplíneach é an Grúpa Comhairleach um Théamaí (TAG) a bunaíodh sa dara leath de 2021 chun gearrliosta de théamaí nua do nótaí bainc euro amach anseo a bhunú agus comhairle a thabhairt ina leith. Cheap an Banc Ceannais Eorpach (BCE) comhaltaí an ghrúpa, bunaithe ar mholtaí ó bhainc cheannais náisiúnta sa limistéar euro. Rinne an Grúpa breithniú ar 29 dtéama san iomlán – bunaithe ar na smaointí a bhí ag na comhaltaí iad féin agus ionchur an phobail – agus measadh iad le critéir áirithe. Déantar cur síos sa tuairisc ar na 29 dtéama a measadh agus na critéir a úsáideadh.

Bhí comhaontú ann go forleathan i measc chomhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh um Théamaí gur cheart dóibh iarracht a dhéanamh móitífeanna nó scéalta a sheachaint a chuirfeadh an iomarca béime ar chultúr náisiúin amháin ar leith. Cheap comhaltaí freisin gur cheart téamaí a sheachaint ina mbeadh na laofachtaí inscne lárnach in go leor léirithe ar stair na hEorpa. Bhí tosaíocht á tabhairt do rogha ina mbeadh íomhánna a d’fhéadfadh na nótaí bainc a cheangal le hEoraip bhríomhar, nótaí ar a mbeadh daoine agus an nádúr, seachas aon bhéim iomarcach ar institiúidí nó siombailí leamha na staire. Bhí súil ag comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh um Théamaí go mbeidís in ann téamaí a mholadh a léireodh tuiscint ar luachanna comhroinnte na hEorpa agus ag an am céanna, téamaí a rachadh i bhfeidhm go mór ar shaoránaigh na hEorpa. Ina theannta sin, dúirt comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh um Théamaí, cé gur thuig siad go maith an tábhacht a bhain le heachtraí comhaimseartha, gur aithin siad go raibh gá ann go mbeadh na nótaí bainc ábhartha agus inaitheanta do gach duine a bheadh ag baint úsáid astu ar feadh na mblianta amach anseo.

Rinneadh gearrliosta de shé théama tar éis nós imeachta vótála inmheánach. Rangaíodh na téamaí mar a leanas le tacaíocht iomlán ón nGrúpa.

‘Luachanna Eorpacha a léirítear sa nádúr’

Cur Síos

Leis na sé nóta bainc, léirítear na sé luach den Aontas Eorpach mar a shainmhínítear iad i gConradh Liospóin: dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta, agus cearta an duine. Bainfimid úsáid as íomhánna físiúla chun an seachtú luach a léiriú: ár gceangal leis an gcomhshaol agus leis an dúlra agus ár meas orthu.

Scéal

Ní amháin gur áit bhríomhar í an Eoraip, ach is coincheap í freisin. Chomh maith leis sin, ní eagraíocht amháin é an tAontas Eorpach, ach seasann sé do shraith luachanna freisin.

Cuirimid na luachanna seo le chéile leis an nádúr mar eilimintí den bhun‑éiteas céanna. Déanaimid ról luachanna na hEorpa a athdhearbhú mar chuid thábhachtach d’Eoraip atá mar chuid den phobal, de bharr an phobail agus ar son an phobail. Tugtar isteach an inbhuanaitheacht agus caomhnú an chomhshaoil mar bhunluach eile. Ar ndóigh, is luachanna Eorpacha iad sin.

Buntáistí

  • Luachanna Eorpacha agus an nádúr, ba iad sin an dá phríomhsmaoineamh a bhí ag an téama seo. Bhí siad i measc na dtéamaí ba choitianta a moladh sna grúpaí fócais.
  • Cuimsíonn luachanna Eorpacha na náisiúin agus na daoine ar fad san Eoraip. Tá buaine ag baint leis mar théama agus sáraíonn sé na teorainneacha ar fad.

Míbhuntáistí

  • Ós rud é go bhfuil luachanna sách teibí mar choincheap, beidh rath an téama ag brath go mór ar an dearadh a roghnófar chun na luachanna a léiriú. Ag an am céanna, is rud an‑tábhachtach é na coincheapa, atá teibí ach an‑draíochtach, a léiriú ar na nótaí bainc.

‘Éin: saor, athléimneach agus inspioráideach’

Cur Síos

Tá an téama bunaithe ar an Treoir ón Aontas Eorpach maidir le hÉin, arb é is aidhm léi na 500 speiceas d’éin fhiáine san Aontas a chosaint. Tá an Treoir seo ar cheann de na píosaí is sine de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an gcomhshaol agus a léiríonn freagracht chomhroinnte agus comhoibriú na 27 mBallstát den Aontas. Cuireann sé i gcuimhne dúinn gur gá dúinn ár n‑ilchríoch a chomhroinnt le gach cineál beatha a chothaíonn ár mbeatha chomhchoiteann. Tá na héin seo fíor agus beoga astu féin agus is siombailí iad dár bhféiniúlacht chomhchoiteann.

Scéal

Bhí cónaí ar éin gar do dhaoine ó thús ama, agus trí mhionscrúdú a dhéanamh ar a gcuma agus a n‑iompar, bhíomar in ann go leor a fhoghlaim faoin gcomhshaol agus fúinn féin.

Is cuma le héin faoi theorainneacha náisiúnta agus dá bhrí sin is siombailí iad de shaoirse agus uaillmhianta. Cuireann a neadacha i gcuimhne dúinn ár bhfonn chun áiteanna agus sochaithe a thógáil inar féidir linn an todhchaí a chothú. Cloisimid ár mbuíochas féin as an tsaoirse cainte tríd na hamhráin atá acu. Tugann siad misneach dúinn nuair a fhilleann siad leis an imirce shéasúrach. Cuireann siad leis an domhan gan é a laghdú – mar ba cheart dúinn a dhéanamh freisin.

Buntáistí

  • Tá gné Eorpach, chomh maith le teachtaireacht faoin inbhuanaitheacht, an‑láidir ag an téama seo.
  • Cruthaíonn sé nasc mothúchánach agus tá sé inléite, ionchuimsitheach agus tá buaine ag baint leis.
  • Cuireann sé go mór le dearadh a chruthú atá cuidsúlach agus speisialta.
  • Léiríonn sé éagsúlacht an nádúir, na dtírdhreach agus na séasúr san Eoraip.

Míbhuntáistí

  • Tá daoine ann nach maith leo éin nó a bhfuil faitíos orthu roimh éin (ornatafóibe).
  • Tá tíortha eile ann a bhfuil éin ar na nótaí bainc acu.

‘Is leatsa an todhchaí’

Cur Síos

Cruthaíonn an téama seo ‘portráidí’ d’Eorpaigh amach anseo. Is iad sealbhóirí na nótaí bainc seo sealbhóirí na comhshamhlaíochta inar féidir le daoine a bhféidearthachtaí féin a shamhlú.

Léiríonn an téama seo acmhainneacht gan teorainn mhuintir na hEorpa agus an uaillmhian atá acu go léireofaí iad ar an nóta bainc lá éigin.

Scéal

Tá na smaointe agus an nuálaíocht a mhúnlóidh todhchaí na hEorpa ag gach Eorpach. Tá an Eoraip múnlaithe ag do smaointe, d’uaillmhianta, do scileanna agus d’fhionnachtana. Is leatsa an todhchaí.

Buntáistí

  • Cuireann sé béim ar an nuálaíocht, smaointe agus dearcthaí nua don Eoraip.
  • Nascann sé an t‑am atá caite leis an am i láthair agus leis an todhchaí.
  • Tá sé ionchuimsitheach agus corraitheach.

Míbhuntáistí

  • D’fhéadfaí é a shamhlú mar théama do dhaoine níos óige.
  • Tá sé thar a bheith teibí.

‘Aibhneacha: na huiscí lena dtugtar beatha san Eoraip’

Cur Síos

Nascann an téama seo fonn láidir an phobail le haghaidh nótaí bainc a dhéanann ceiliúradh ar iontais an nádúir san Eoraip le teachtaireacht níos leithne faoin ngaolmhaireacht agus an inbhuanaitheacht.

Scéal

Téann aibhneacha na hEorpa thar theorainneacha. Nascann siad le chéile muid agus leis an nádúr. Cuireann siad i gcuimhne dúinn na foinsí doimhne dár saol comhchoiteann agus léiríonn siad freisin trá agus tuile na hilchríche atá lán le beocht agus a bhíonn de shíor ag athrú. Cothaíonn siad muid agus mar gheall air sin tá orainn iad a chothú freisin.

Buntáistí

  • Cuimsíonn an moladh na luachanna atá againn agus na luachana is ceart dúinn a chosaint, ach ní téama teibí é.
  • Trasnaíonn aibhneacha teorainneacha gan srian.
  • Nascann aibhneacha agus éascaíonn siad an trádáil.
  • An nádúr a chosaint, tá sé ar cheann de na haidhmeanna is tábhachtaí atá ag an Eoraip agus ag Eorpaigh.
  • Áilleacht bhuan nádúrtha.

Míbhuntáistí

  • Níl aon nasc mothúchánach ann.
  • Ní téama Eorpach é go díreach.

‘Lámha: tógaimid an Eoraip le chéile’

Cur Síos

Cruthaíonn an téama léiriú fisiciúil agus sothuigthe ar shé luach lárnacha an Aontais Eorpaigh: dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta, agus cearta an duine. Faigheann sé an spreagadh ó mhana an Aontais Eorpaigh freisin: ‘Aontaithe san éagsúlacht’. Lámh an duine – aithnítear go forleathan é ach ní ionann na lámha ag aon bheirt amháin – úsáidtear é chun na smaointe teibí seo a dhéanamh níos daonna agus níos dírí.

Scéal

An téama, ‘Lámha: tógaimid an Eoraip le chéile’, úsáidtear teanga chomhchoiteann leis chun ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht agus ar aontacht. Seasann sé do gach duine a mhúnlaíonn luachanna comhroinnte an Aontais. Thóg lámha an Eoraip – a bonneagar fisiceach, a hoidhreacht ealaíonta, a litríocht agus go leor gnéithe eile a bhaineann léi. Baineadh úsáid as lámha chun tógáil, fíodóireacht, múinteoireacht a dhéanamh agus comhairle a thabhairt, chomh maith leis an iliomad rud eile. Feictear scéalta an tsaothair, na haoise agus na gcaidreamh sna lámha. Feictear freisin ann scéalta faoin oidhreacht, stair agus cultúr. Tá sé in am do cheiliúradh a dhéanamh ar na lámha a thóg an Eoraip agus leanann den Eoraip a thógáil gach lá.

Buntáistí

  • Cuireann sé béim ar an aontacht agus ar an muintearas.
  • Tá sé éasca é a shamhlú.
  • Is scéal é atá dírithe ar an bpobal seachas ar na tíortha.
  • Buan: lámha mar íomhá a léiríonn mothúcháin an duine.
  • Tá sé go han‑mhaith ó thaobh ceangal mothúchánach de, ós rud é gurb iad na lámha uirlisí an duine.

Míbhuntáistí

  • D’fhéadfaí míbhrí a bhaint as na siombailí. (Dá bhrí sin, tá dearadh maith ríthábhachtach. Bheadh roinnt taighde maidir leis na gnéithe antraipeolaíochta cabhrach chun aon mhíthuiscint a sheachaint idir na cultúir.)
  • Tá sé níos éasca ar shaoránaigh an nádúr, ainmhithe agus daoine a thuiscint ach d’fhéadfaí an fhadhb seo a réiteach le dearadh maith. Ní fhágtar as an áireamh leis an téama seo an fhéidearthacht a bhaineann leis na gnéithe seo a thabhairt isteach agus, gan dabht, tá lámha i gcroílár na beatha.
  • Tá cosúlachtaí ann le nótaí bainc fhranc na hEilvéise, ach insítear scéalta eile leo sin.

‘An Eoraip s’againne, muid féin’

Cur Síos

Tá ár scéal féin ag gach duine againn. Cruthaímid féin ár bhféiniúlachtaí féin. Mar sin féin, tá féiniúlacht chomhchoiteann againn mar Eorpaigh freisin. Fásaimid mar dhaoine aonair ach fásaimid mar chuid de phobal chomh maith, trínar gcaidrimh lena chéile.

Léiríonn an téama seo an tsaoirse, na luachanna agus oscailteacht mhuintir na hEorpa.

Scéal

Seasann na nótaí bainc do shaol an duine aonair chomh maith le saol comhroinnte na bpobal a chónaíonn san Eoraip trí shé ghné éagsúla: saol, saothar, smaointeoireacht, grá, cumarsáid agus maireachtáil. Is iad seo na bealaí inar féidir linn nasc a dhéanamh idir an duine istigh agus an saol amuigh, idir an taobh pearsanta agus an taobh poiblí, an duine aonair agus an pobal, idir an corp fisiciúil agus an réimse siombalach.

Buntáistí

  • Díríonn sé go príomha ar an duine aonair laistigh de chreat na hEorpa.
  • Osclaíonn sé an coincheap maidir le féiniúlacht Eorpach do gach duine (laistigh den Eoraip chomh maith leis an domhan ar fad).
  • Díríonn sé ar an indibhidiúlacht agus ar an tuiscint shiombalach maidir leis an saol agus an muintearas.

Míbhuntáistí

  • Baol féideartha a bhaineann le míbhrí a bhaint as an bhfocal ‘féiniúlacht’.

An‑teibí.

© An Banc Ceannais Eorpach, 2023

Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Guthán +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.ecb.europa.eu

Gach ceart ar chosaint. Ceadaítear atáirgeadh ar mhaithe le hoideachas agus le cúiseanna nach mbaineann le tráchtáil a fhad is go dtugtar aitheantas don fhoinse.

Tá téarmaíocht ar leith ar fáil ó ghluais BCE (ar fáil i mBéarla amháin).

HTML ISBN 978-92-899-6145-5, doi: 10.2866/30189, QB-03-23-246-GA-Q